Biddy Jenkinson
| Beathaisnéis | |
|---|---|
| Breith | 1949 76/77 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
| Faisnéis phearsanta | |
| Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste na hOllscoile Corcaigh |
| Gníomhaíocht | |
| Gairm | scríbhneoir, file, scríbhneoir próis, drámadóir |
| Teangacha | An Ghaeilge |
File, drámadóir, gearrscéalaí agus scríbhneoir do leanaí as Baile Átha Cliath is ea Biddy Jenkinson (ainm cleite), Máire Ní Aodh is fíorainm di. Rugadh í sa bhliain 1949. D'fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh.
Naoi gcinn de leabhair filíochta atá tagtha ó pheann Biddy Kenkinson ó foilsíodh Baisteadh Gintlí i 1986.[1] Tá dhá bhailiúchán gearrscéalta agus drámaí foilsithe aici chomh maith.
Tá sé ráite go bhfuil Jenkinson ag iarraidh léargas nua a thabhairt ar bhunús naofa an dúlra agus ar a ndéanann na mná lena chothú.[2] Tá suim mhór aici sa traidisiún liteartha. Tá rogha déanta aici den Ghaeilge mar theanga chruthaitheach agus deir sí go bhfuil sí go mór i gcoinne an éilimh go n-aistreofaí gach saothar Gaeilge go Béarla gan mhoill.[3] Moladh a saothar as a dhianmhothú, a ghreann agus a ilghnéitheacht.[4]
Bhí sí ina heagarthóir ar Éigse Éireann/Poetry Ireland Review ón mbliain 2000 go dtí an bhliain 2001.
Údar suntais dearcadh Jenkinson faoin aistriúchán agus í den tuairim nach gá go n-aistreofaí gach saothar a fhoilsítear i nGaeilge go Béarla, agus an Ghaeilge roghnaithe aici féin mar mheán cruthaitheach.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Filíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Baisteadh gintlí (Coiscéim, 1987)
- Uiscí Beatha (Coiscéim, 1988)
- Dán na hUidhre (Coiscéim, 1991)
- Amhras Neimhe (Coiscéim, 1997)
- Rogha Dánta (Cló Ollscoil Chorcaí, 1999/2000), Seán Ó Tuama agus Siobhán Ní Fhoghlú, eag.
- Mis (Coiscéim, 2001)
- Oíche Bhealtaine (Coiscéim, 2005)
- Táinrith (Coiscéim, 2013)
- Sceilg na Scál (Coiscéim 2017)